HomeGAATráchtaireacht Ghaeilge ar roinnt cluichí CLG ar BBC NI

Tráchtaireacht Ghaeilge ar roinnt cluichí CLG ar BBC NI

D’fhógair BBC NI go mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar roinnt cluichí i gCraobh Uladh i mbliana. Cé go mbeidh an tráchtaireacht teilifíse i mBéarla, beidh cuid acu ar fáil i nGaeilge ar shuíomh BBC Spórt NI. Ainmneofar na cluichí le tráchtaireacht Ghaeilge go luath.

An séasúr seo, beidh sé chluiche ó Chraobh Uladh beo ar BBC NI, le buaicphointí ón dá chluiche eile á gcraoladh chomh maith.

Cuirfear tráchtaireacht bheo ar gach aon chluiche i gCraobh Uladh ar BBC Raidió Uladh freisin.

Craolfar an t-aicsean ón 1 Samhain nuair a bheidh dhá chluiche beo. Beidh Dún na nGall ag baile i mBealach Féith in aghaidh Thír Eoghain. An lá céanna, tabharfaidh Ard Mhaca cuairt ar Dhoire i bPáirc na gCeilteach.

Beidh buaicphointe ón chluiche idir Mhuineachán agus An Cabhán le feiceáil idir an dá chluiche beo.

Is é Mark Sidebottom a chuirfidh na cluichí i láthair, le cabhair ó Oisín McConville, Peter Canavan, Martin McHugh agus Marty Clarke.

Sa bhosca tráchtaireachta, beidh Thomas Niblock, le heolas ón taobh líne á thabhairt ag Thomas Kane. Cuirfidh an craoltóir Tessa Fleming, bean a bhuaigh Craobh na gClubanna i dtrí chontae, na himreoirí faoi agallaimh.

Ar an 7ú Samhain, beidh an cluiche idir Aontroim agus An Cabhán nó Muineachán beo ar BBC NI. Fear Manach agus An Dún a imreoidh sa chluiche ceathrú ceannais an lá dár gcionn.

Beidh buaicphointe ón chéad chluiche leathcheannais ar an mbealach teilifíse ar an 14ú Samhain. An lá ina dhiaidh sin, beidh an cluiche leathcheannais eile beo.

Beidh Cluiche Ceannais Uladh beo ar an 22ú Samhain

Cluichí i gCraobh Uladh ar BBC NI

Dé Domhnaigh 1ú Samhaincluiche ceathrú ceannais
Dún na nGall v Tír Eoghain – Beo ar BBC 2 NI

Réamhbhabhta: Muineachán v An Cabhán – Buaicphointí
Doire v Ard Mhaca – Beo ar BBC 2 NI

Dé Sathairn 7ú Samhain – cluiche ceathrú ceannais
Muineachán nó An Cabhán v Aontroim – Beo ar BBC 2 NI

Dé Domhnaigh 8ú Samhain – cluiche ceathrú ceannais
Fear Manach v An Dún – Beo ar BBC 2 NI

Dé Sathairn 14ú Samhain – cluiche leathcheannais
Dún na nGall nó Tír Eoghain v Doire nó Ard Mhaca – Buaicphointí

Dé Domhnaigh 15ú Samhain – cluiche leathcheannais
Fear Manach nó An Dún v Muineachán nó An Cabhán nó Aontroim – Beo ar BBC Two NI

Dé Domhnaigh 22 Samhain – cluiche ceannais Uladh
Beo ar BBC 2 NI

LiveScores Now Available at IrishScores.com

RELATED ARTICLES

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here

- Advertisment -

Most Popular

Recent Comments