HomeGAACluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix

Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix

D’fhógair Sky Sports le déanaí go mbeidh a gcluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix do Chraobh na hÉireann 2020.

Ceithre chluiche dhéag ar fad a chraolfar beo ar an mbealach teilifíse satailíte.

Toisc go mbeidh na cluichí peile agus iománaíochta ar Sky Sports Mix (uimhir 416 ar bhosca Sky agus 409 ar Virgin), beidh deis ag daoine le gnáthshíntiús Sky féachaint ar na cluichí go léir.

Déanfaidh Kieran Donaghy Chiarraí agus Peter Canavan ó Thír Eoghain anailís ar na cluichí peile. Ceithre bhonn Uile Éireann atá buaite ag Donaghy agus rug Canavan ceithre ghradam Sárimreoirí Peile na Bliana leis nuair a bhí sé ag imirt.

Iománaí an Chláir Jamesie O’Connor, JJ Delaney, a bhain naoi mbonn Uile Éireann amach le Cill Chainnigh agus Ollie Canning na Gaillimhe a dhéanfaidh anailís ar na cluichí iomána.

Tosóidh na cluichí ar Sky Sports Mix Dé Sathairn 24 Deireadh Fómhair le hÁth Cliath agus Laois ag imirt sa chéad bhabhta de Chraobh Iomána Laighean. Ba iad muintir Uí Mhórdha a chuir deireadh le séasúr Átha Cliath anuraidh.

Is iad Dave McIntyre agus Mike Finnerty a bheidh i mbun tráchtaireachta, le cabhair ó Nicky English agus Paul Earley.

Tiocfaidh an t-iriseoir Gaeilge Gráinne McElwain isteach in ionad Rachel Wyse don séasúr seo, agus beidh bean Mhuineacháin ag cur na gcluichí i láthair in éindí le hiar-imreoir rugbaí na Mumhan Brian Carney.

Chomh maith leis sin, cuirfidh an bheirt acu an clár CLG ‘Inside the Game’ i lathair i rith na seachtaine chomh maith.

Cluichí CLG Beo ar Sky Sports Mix

Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair 2020
6:00pm Áth Cliath v Laois (iomáint)
Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2020
1:15pm Muineachán v An Cabhán (peil)
3:30pm Corcaigh v Port Láirge (iomáint)
Dé Sathairn, 7 Samhain 2020
3:45pm Babhta Cáilithe Iomána
6:15pm Áth Cliath v An Iarmhí (peil)
Dé Sathairn, 14 Samhain 2020
1:15pm Dún na nGall/Tír Eoghain v Ard Mhaca/Doire (peil)
3:45pm Babhta Cáilithe Iomána
Dé Sathairn, 21 Samhain 2020
3:45pm Cluiche Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 28 Samhain 2020
6:00pm Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann
Dé Domhnaigh, 29 Samhain 2020
4:00pm Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 5 Nollaig 2020
5:30pm Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann
Dé Domhnaigh, 6 Nollaig 2020
3:30pm Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann
Dé Domhnaigh, 13 Nollaig 2020
3:30pm Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann
Dé Sathairn, 19 Nollaig 2020
5:00pm Cluiche Ceannais Peile na hÉireann

LiveScores Now Available at IrishScores.com

RELATED ARTICLES

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here

- Advertisment -

Most Popular

Recent Comments