HomeGAA"Dúshláin eile i mbliana" dar le Kieran Kingston Chorcaí

“Dúshláin eile i mbliana” dar le Kieran Kingston Chorcaí

Rachaidh Corcaigh agus Port Láirge chun páirce i nDurlas i gcluiche leathcheannais iomána na Mumhan Dé Sathairn.

Is deacair a chreidiúint nár bhuaigh Corcaigh, ceann de na foirne is rathúla sa spórt, Craobh na hÉireann ó 2005. Sin tréimhse an-fhada don chontae seo gan Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan.

Beidh Kieran Kingston ag cur tús lena dara tréimhe mar bhainisteoir ar fhoireann cois Laoi gan Eoin Cadogan, Darragh Fitzgibbon ná Robbie O’Flynn ar fáil dó.

Rinneadh obráid ar dhroim Cadogan le déanaí, agus cé go bhfuil feabhas tagtha air, ní bheidh sé réidh do chluiche an deiridh seachtaine seo.

D’imir fear na Dúglaise, ceithre bliana is tríocha, mar lántosaí i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann anuraidh. Chaill na Reibiliúnaigh an cluiche úd i gcoinne Chill Chainnigh.

Ní bheidh Darragh Fitzgibbon, fear óg trí bliana is fiche d’aois, ag imirt in aghaidh Phort Láirge ach an oiread. Rug sé ar ghradam Sárimreoirí Iománaíochta na Bliana 2018, ach tá fadhb aige le teannán ioscaide faoi láthair.

Caillfidh an tosaí Robbie O’Flynn amach Dé Sathairn toisc é bheith ar fionraí.

Tugadh cárta dearg dó sa chluiche sraithe Allianz in aghaidh na Gaillimhe i mí an Mhárta seo caite.

D’admhaigh Kieran Kingston go bhfuil an cosantóir Colm Spillane ar ais i mbun traenála agus go bhfuil seans ann go nglacfaidh sé páirt éigin sa chluiche tráthnóna Dé Sathairn.

Glaodh fir na Carraige Duibhe Daniel Meaney, Tadhg Deasy agus Alan Connolly isteach i scuad Chorcaí tar éis a n-éachtaí i gcraobh Chorcaí le déanaí.

Craobh difriúil i mbliana

Agus é ag caint leis na meáin ag tús na seachtaine, dúirt Kingston go mbeidh dúshláin eile rompu an séasúr seo.

“Is é an rud is tábhachtaí ná na himreoirí a choimeád aclaí agus an coróinvíreas a sheachaint” dar le Kingston. “Caithfimid iad a choimeád lena chéile mar phainéal chomh fada agus is féidir linn.”

Tá bainisteoir Chorcaí ag súil go mór le dul go Durlas ag an deireadh seachtaine.

Dar leis an gcléireach bainc:

“Ní raibh mise ná na himreoirí i nDurlas riamh nuair nach raibh an pháirc cosúil le faiche ghailf. Feicfimid an rud céanna Dé Sathairn.”

Chuir Kieran Kingston deireadh lena chéad tréimhse mar bhainisteoir Chorcaí nuair a chaill a fhoireann i gcoinne na Déise i 2017.

Má chliseann orthu an deireadh seachtaine seo, tá seans ann go mbeidh ar na Corcaígh aghaidh a thabhairt ar Luimneach, ar Thiobraid Árann nó ar An Clár, ceann de na foirne ar an taobh eile den tarraingt sa chúige. Nó b’fhéidir go mbeidh siad ag dul chun coimhlinte i gcoinne na Gaillimhe nó Loch Garman.

Is cuma cé acu fhoireann a bheidh os a gcomhair amach beidh dúshlán ollmhór roimh Chorcaigh corn a bhuachan i mbliana. Tá muintir Chorcaí ag súil le fada le Craobh Iomána na hÉireann eile a thabhairt leo. Feicfimid conas mar atá cúrsaí ag an bhfoireann Dé Sathairn. Seans go mbeidh tuairim níos fearr againn ansin faoi fhéidearthachtaí na foirne seo.

Beidh Corcaigh agus Port Láirge beo ar Sky Sports Mix, leis an gcluiche at tosú ag 3.30.

LiveScores Now Available at IrishScores.com

RELATED ARTICLES

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here

- Advertisment -

Most Popular

Recent Comments