HomeGAAAn lá le Bréachmhaigh i Maigh Eo?

An lá le Bréachmhaigh i Maigh Eo?

Tabharfaidh Bréachmhaigh aghaidh ar an gCnoc Mór i gCluiche Ceannais Sinsear Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo i bPáirc Mhic Éil Elverys i gCaisleán an Bharraigh.

Tá ocht gcraobh buaite ag muintir an Chnoic Mhóir agus gan craobh an chontae tógtha oiread is uair amháin ag foireann Bhréachmhaí fós.

Chaill Bréachmhaigh an cluiche ceannais trí huaire ó 2013. Bhí an lámh in uachtar ag Na Mistéalaigh, Caisleán an Bharraigh, orthu, 1-11 v 0-8, an bhliain úd. Dhá bhliain níos déanaí, bhí na foirne céanna sa chluiche ceannais agus theip orthu in athuair, ach le níos mó le spáráil ag na Mistéalaigh an t-am sin, 4-11 i gcoinne 0-9. An uair dheireanach a shroich foireann Bhréachmhaí an cluiche cinniúnach i 2018, bhí Baile an Tobair beagán chun cinn orthu ag an deireadh, agus gan ach aon phointe amháin idir na foirne, 0-12 v 1-08.

Bhí an lá leis an gCnoc Mór trí huaire sna 1990aidí nuair a bhuadar Corn Phádraig Uí Mhoicléir sna blianta 1992, 1996 agus 1997. Shroicheadar an cluiche ceannais arís i 2016, ach ba thánaistigh iad an bhliain úd.

I mbabhta a trí de chomórtas na bliana seo, tháinig Bréachmhaigh as Grúpa 4, áit ina raibh Cathair na Mart, Na Mistéalaigh Caisleán an Bharraigh is Baile Chathail. Bhuaigh Bréachmhaigh ar Chathair na Mart coicís ó shin, agus dhá chúilín le spáráil acu (0-15 v 0-13).

Cill tSéine, Clár Chlainne Mhuiris agus Na Stiofánaigh Bhéil an Átha a bhí i nGrúpa 3 leis an gCnoc Mór. Ceithre chúilín a bhí eatarthu nuair a chas An Cnoc Mór (0-17) ar Stiofánaigh Bhéal an Átha (0-13) an lá faoi dheireadh chun cáiliú do chluiche ceannais an chontae.

Tá muintir Bhréachmhaí ag fanacht le fada an lá chun an chraobh seo a thabhairt leo. An mbeidís in ann an t-éacht a dhéanamh an deireadh seachtaine beag seo? Feicfimid Dé Domhnaigh.

Beidh an cluiche beo ar TG4, ag tosú ar 3.35pm.

LiveScores Now Available at IrishScores.com

RELATED ARTICLES

LEAVE A REPLY

Please enter your comment!
Please enter your name here

- Advertisment -

Most Popular

Recent Comments